Guest User
January 31, 2023
Má theastaíonn uait imeacht ón Costa, agus blas na tuaithe a fháil is fiú cúpla lá a chaitheamh san óstán seo, 3km suas sléibhe, ach I lár ghleanna. Bí aireach ag tiomáint isteach an mbóithrín, tá sé an-cúng. Mar tá ráite I léirmheasanna eile, tá an timpeallacht thar barr, agus na h-ardáin le haghaidh suí amach go h-iontach. Cúpla rudaí beaga a mholfainn feabhsú, caighdeán na mbraitlíní mar shampla. Ach san iomlán, un lugar splendioso.
Translate